An-rath ag baint le Samhradh 2010!

D’éirigh thar cinn le cúrsaí an tSamhraidh 2010 i gColáiste Ó Direáin! I mí Meitheamh, bhí an ghrian go hard san spéir chuile lá! Is annamh nach raibh lá ar an trá acu! Nach orthu a bhí an t-ádh! dsc02395

Cé nach raibh an aimsir céanna againn ar Chúrsa B, bhí an-chúrsa arís againn! Slua álainn a bhí linn, mar is gnáth! Bhí neart Gaeilge á labhairt acu, chomh maith le go leor spraoi acu sna tithe agus san gcoláiste araon! D’oibrigh na cinnirí agus na cúntóirí an-chrua ar fad! Bhí an-tairbhe ag baint len’ a gcuid oibre! Bhí gach céilí gleasta ar fheabhas ar fad! Ní fhaca mé a leithead riamh san gcoláiste! Bhí chuile dhuine gleasta suas ag gach céilí! confirmationcroatiaaranwedding-428

Táimíd ar fad ag súil leis an Samhradh seo chugainn cheana féin, agus go leor daoine, nua agus sean, a fheiceáil linn!

Leave a Comment