Poems by Máirtín Ó Direáin

Fear Lasta Lampaí. le Máirtín Ó Direáin.

Ní raibh sé mór an fear
Níor dheas a bhí ach gránna,
Is cóip an bhaile mhóir
Ag fonóid faoi gan náire,
Ach ghluais gan mhairg fós
Is ar chuaillí chuaigh in airde
Ba dhraíodóir an fear beag
A raibh an solas ina ghlaic,
É ag tabhairt na gile
Ó lampa go lampa sráide.

 

Le Linn Ár n-Óige. le Máirtín Ó Direáin.

Mairg le linn ár n-óige
Sinn ag tnúth a bheith mór,
Gan foighid, ach ag aithris
Ar dhaoine fásta suas,
Dá mbeadh ciall againn an tráth úd
Bhainfeadh sinn aoibhneas as gach ní—
Tráthnóntaí fada samhraidh
Is an ghrian ag dul faoi,
Laethanta geala gréíne
Is crónán na mbeach
Is radhanacanna áille a d’aoibhneodh ár gcroí
Uaigneas a chuirid anois orainn
Nuair a chímid iad arís
Is gan fáil againn filleadh
Ar an aoibhneas úd a choích’.