POST MAR MHÚINTEOIR NÓ MAR CHÚNTÓIR

Teachers Wanted 400x 200 - Colaiste O'Direain Irish Summer School Gaeltacht- Aran Islands Galway

POST  MAR MHÚINTEOIR NÓ MAR CHÚNTÓIR

Ar mhaith leat tamall  a chaitheamh ag obair linn mar mhúinteoir nó mar chúntóir i gColáiste Ó Direáin  áit a bhfuil:

  • an teanga bheo á labhairt ó lá go lá sa phobal Gaeltachta
  • déagóirí ar na cúrsaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim
  • an bhéim ar pháirtíocht agus ar ghníomhaíochtaí trí Ghaeilge

 

Cuireann muid fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe (bunscoile agus meánscoile) mar mhúinteoirí ar ár gcuid cúrsaí.

Má tá suim agat i bpost múinteoireachta ar chúrsaí Choláiste Ó Direáin, íoslódáil Iarratas 2020  agus seol chugainn í.

 

Fáiltímid freisin roimh iarratais mar chúntóirí ó mhic léinn tríú leibhéal atá i mbun staidéir ar an nGaeilge (san Ollscoil nó i gColáiste Oideachais).

Má tá suim agat i bpost cúntóireachta ar chúrsaí Choláiste Ó Direáin íoslódáil  Iarratas 2020  agus seol chugainn í.

 

Coláiste-Direáin-Application