Coláiste Ó Direáin 2015.

Beidh míle fáilte romhat i 2015.

Tá cúrsa A ag líonadh isteach go tapaidh ag an nóimead seo. Molaim do scoláirí clárú láithreach chun a bheith cinnte go mbeidh áit agat ar an gcúrsa seo má tá sé ar intinn agat a bheith linn.  Má bhíonn 5 sa ghrúpa beidh lascaine 20 euro an scoláire ar fáil.  Beidh togha cúrsa againn le foireann oilte atá linn le blianta.

Is féidir leo siúd a bhfuil suim acu a bheith linn mar Chinnirí clárú do chúrsa na Cásca a bheidh ann ón 6/4/2015  go dtí 11/4/2015.

Tá tairbhe mór le fáil ag na scoláírí ó na cúrsaí a bhíonn againn. Is mór an rud do dhuine óg imeacht ón mbaile ar feadh trí seachtainí. Tá structúr againn le cinnirí, cúntóirí, múinteoirí agus mná tí a thugann deis don scoláire múinin a fháil ina chumas féin ó thaobh na Gaeilge agus an tsaoil de.  Tagann feabhas ar a gcumas sa Ghaeilge  agus tagann feabhas ar scileanna pearsanta an scoláire agus mar sin tagann fás ar an bhféin mhúinín a bhíonn ag an scoláire.

Cláraigh go luath do chúrsa linn i mbliana! Beidh fáilte romhat!.

Leave a Comment